
Labhair an Teanga Ghaeilge
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
A chuid mo chroí is a stór,
An teanga a labhair mo mháthair liom,
In Éirinn ghlas fadó.
'Sí teanga bhinn ár sinsear í,
Án chaint is milse glór:
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
Is bain dem' chroí an brón.
Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,
'Sí teanga cheart na nGael:
An teanga bhinn is ársa 'tá
Le fáil ar fud an tsaoil.
A stór mo chroí is beannacht ort,
A chailín óig gan cháim,
Cá bhfuil sa saol aon teanga mar
Ár dteanga féin le fail?
Ní fios cé a chum.