Cá Cá Cá
An gcloiseann tú an gleo ar maidin?
An gcloiseann tú an cá cá cá?
Sin préachán atá fíorshásta
Sin préachan atá i ngrá.
Beidh nead acu ar bharr na craoibhe
An préachán's a mhíle grá
Is beidh siad ann ag ceol le chéile
Cloisfidh tú an cá cá cá..
Curfá:
Cá cá cá
Cá cá cá
Sin préachán atá i ngrá.
Is gear go mbeidh an ubh ag pléascadh
Is siúd amach an babaí breá
Is beidh a mham 's a dhaid chomh sásta
Go gcloisfidh tú an cá cá cá.
Curfá
Is deirtear nach bhfuil ceol ag préachán
Ach níl se ceart ná cóir é sin a rá
Mar níl aon cheol atá chomh binn don phréachán
Le préachán eile ag casadh cá cá cá.
Curfá x 3