Anseo i Lár an Ghleanna
Bhí an tAifreann léite is each rud déanta,
Bhí pobal Dé ag scaipeadh
Nuair chualamar gleo ag teacht 'nar dtreo
Anseo i lár an ghleanna.
"Cén gleo é siúd ag teacht 'nár dtreo?"
"Sin torann cos na gcapall."
"Seo chugainn saighdiúirí arm an rí
Anseo i lár an ghleanna"
Do chas an seanfhear Brian Ó Laoi
Is shiúil i dtreo an tsagairt,
Is chuir sé cogar ina chluais
Anseo i lár an ghleanna.
"Ó a Athair Seán, Ó a Athair Seán,
Seo chugainn na cótaí dearga;
Ní féidir leatsa teitheadh anois
Anseo i lár an ghleanna.
"Tá tusa óg, a Athair Seán,
Táim féin i ndeireadh beatha;
Déan malairt éadaigh liom anois
Anseo i lár an ghleanna."
Do deineadh malairt gan rómhoill
I gcoinne thoil an tsagairt,
Is shil sé deora móra bróin
Anseo i lár an ghleanna.
Do ghabh na Sasanaigh Brian Ó Laoi,
Is d'imigh saor an sagart;
Do chroch siad Brian ar chrann caol ard
Anseo i lár an ghleanna.
Ach mairfidh cáil an tseanfhir áigh
Faid fhásfaidh féar ar thalamh;
Beidh a scéal á ríomh ag fearaibh Fáil,
Is anseo i lár an ghleanna.
Seán Mac Fheorais (1915-1984)
